Cluineann Caoimhe fán dráma aonair nua-astraithe, Dathanna Geala Amháin, ón aisteoir Brídín Ní Mhaoldomhnaigh. Tá Cleamairí Feirste ag léiriú ceoil, dráma agus craic i seónna s’acu, cluineann muid ó dhuine de na Cleamairí, Cormac ‘Buzz’ Ó Brien, agus neart seónna ar na bacáin acu. Fosta, I ndiaidh chlúdach cuimsitheach BBC Raidió Uladh ar Mharatón Chathair Bhéal Feirste, tá duine de na reathaithe féin linn: Colm Ó Donnchadh as Machaire Rabhartaigh. Tá an traenálaí aclaíochta Joe Mac an Fhailí ann fosta le comhairle a chur ar a chara Colm, maraon le héisteoir ar bith eile atá ag mothú nimhneach tar éis a gcuid iarrachtaí ar fad inné, agus atá ag iarraidh teacht chucu féin a luaithe agus is féidir. Caoimhe hears all about the newly translated one-woman show, Dathanna Geala Amháin (Bright Colours Only), from actor Brídín Ní Mhaoldomhnaigh. The Belfast Wren Boys have shows packed with music, drama and plenty of craic and they have a busy weekend ahead of them. We hear all about it from one of the Wrens Cormac ‘Buzz’ Ó Brien. Also, following on from the comprehensive coverage of Belfast City Marathon on BBC Radio Ulster, one of the runners themselves is with us: Colm Ó Donnchadh from Machaire Rabhartaigh. Fitness trainer Joe Mac an Fhailí joins us to offer his advice to Colm and any other listener who is feeling the aches and pains after yesterday’s efforts and wants to accelerate their recovery.
--------
25:23
Cás Iosrael ag an ICJ, Ciorrú Cumhachta sa Spáinn, Ambasadóir na Seapáine
Tá an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig ag cluinstean faoin dualgas atá ar Iosrael cabhair dhaonnúil a éascú go phobal Gaza agus an Bhruach Thiar. Cluineann muid ón Ollamh le Dlí, Fionnuala Ní Aoláin leis an scéal a phlé. Bhuail ciorrú cumhachta ollmhór leithinis na hIbéire an tseachtain seo agus faigheann muid tuairisc ó Chathal Ó Cuaig sa Chatalóin. Agus an raibh a fhios agat go bhfuil Ambasadóir na Seapáine in Éirinn ag foghlaim na Gaeilge? Bhuel thug an tUasal Junji Shimada cuairt ó thuaidh le déanaí agus bhuail Róisín Ní Chéileachair leis agus lena ateangaire, Dáithí Ó hAodha - Oifigeach Cultúrtha in Ambasáid na Seapáine in Éirinn. The International Court of Justice in the Hague is currently hearing about Israel's obligation to facilitate humanitarian aid to Palestinians in Gaza and the occupied West Bank. Law professor Fionnuala Ní Aoláin joins Máire Bhreathnach to discuss it. Cathal Ó Cuaig reports from Catalonia on the power outage that hit the Iberian peninsula this week. And did you know that the Japanese Ambasador in Ireland was learning Irish? Well, while on a recent visit Mr Junji Shimar, and his interpreter, Dáithí Ó hAodha - a Culture Officer in the Japanese Embassy in Ireland, met with BBC Gaeilge.
--------
27:34
Mick O’Dwyer 1936-2025, Ryan Molloy agus Fergal Scahill.
An tseachtain seo craoladh eagrán speisialta de Ón Taobhlíne in ómós do Mick O’Dwyer, nó Micko mar is fearr aithne air, duine de na himreoirí agus bainisteoirí is rathúla i stair na peile ó thús ama. Labhair Fearghal le Mickey Ned Ó Súilleabháin, a d’imir taobh leis ar fhoireann Chiarraí, agus a bhí ina chéad chaptaen ag Micko nuair a tháinig Micko isteach mar bhainisteoir Chiarraí i 1975; leis an fhisiteiripeoir Éamonn Ó Muircheartaigh, a bhí ar fhoireann tacaíochta Micko le Cill Dara, Laois agus Cill Mhantáin; agus leis na deartháireacha Dara agus Breandán Ó hAnnaidh ó Chumann Éiméid Bhré, a d’imir ar fhoireann Chill Mhantáin faoi stiúir Micko. Chomh maith leis sin, bhuail na ceoltóirí Ryan Molloy agus Fergal Scahill isteach chuig Jack Warnock ar Blas Ceoil na seachtaine seo a chuaigh thart le labhairt fána n-albam úr. In a special edition of Ón Taobhlíne broadcast this week, Fearghal Mag Uiginn payed tribute to the late and legendary Mick O’Dwyer, or Micko as he was better known, one of the most successful players and managers in the whole history of Gaelic football. Featuring Mickey Ned Ó Súilleabháin, a former teammate of Micko’s on the Kerry team, who subsequently was his first captain when Micko became Kerry manager in 1975; Éamonn Ó Muircheartaigh, physiotherapist in Micko’s backroom team at Kildare, Laois and Wicklow; and finally, brothers Dara and Breandán Ó hAnnaidh from the Bray Emmets club, who played on Micko’s Wicklow team. And musicians Ryan Molloy and Fergal Scahill joined Jack Warnock on last week’s Blas Ceoil to chat about their new album.
--------
27:27
Dúshlán Snámha, Coirnéal Comhairleach
Ghlac 50 Gael páirt i ndúshlán 17 snámh, ceann in achan chontae in Éirinn a bhfuil cósta aici, agus bhí Niamh Nic Oistigín i láthair do Ón Taobhlíne ag an snámh deiridh i mBré, Contae Chill Mhantáin. Tá scéalta siamsaíochta móra na seachtaine á phlé ag Caoimhe Ní Chathail lena paineál cáinte agus ‘Agony Aunts’ na Gaeilge - Seán Ó Baoill, Storm Eaton-Kilgallen agus Kathryn Ní Mhaoláin. 50 swimmers took part in a 17-swim challenge, one in every coastal county in Ireland, and Niamh Nic Oistigín was there for Ón Taobhlíne at the final swim in Bray, County Wicklow. Caoimhe Ní Chathail discusses the week’s entertainment news with her panel and Irish speaking Agony Aunts - Seán Ó Baoill, Storm Eaton-Kilgallen and Kathryn Ní Mhaoláin.
--------
29:44
Loscadh sléibhe sna Beanna Boirche, Shakespeare as Gaeilge, Moltaí Taistil, Scéalta Siamsaíochta
Tá an Dr Sorcha de Brún i ndiaidh roinnt de shaothar Shakespeare a aistriú go Gaeilge. Labhraíonn sí fán obair seo le Dáithí. Tá léirscrios déanta ag loscadh sléibhe sna Beanna Boirche leis an tseirbhís dóiteáin ag déileáil le os cionn 200 tine le cúpla lá anuas agus dar leis an tseirbhís, tá an mhórchuid de na tinte sin tosaithe d’aon turas. Labhair John Ross Mac Mathúna, an gníomhaí timpeallachta áitiúil, le Máire leis an scéal a phlé. Tá Póilín Nic Géidigh díreach pillte ar ais ó chúpla sheachtain taistil, agus insíonn sí do Chaoimhe faoin turas ar fad agus tugann sí féin agus Emma Ní Chearúil moltaí taistil s’acu féin, mar aon leis an scéal is déanaí faoi chúrsaí siamsaíochta. Dr Sorcha de Brún is in the process of translating Shakespeare’s works to Irish. She tells Dáithí all about this work. Devastation has been caused by Mourne wildfires with the Fire and Rescue Service tackling over 200 fires in recent days - and most of those, according to the service, having been started deliberately. Máire discusses the situation with local environmental activist John Ross Mac Mathúna. Póilín Nic Géidigh has recently returned from a few weeks of traveling, and she tells Caoimhe all about her adventures and she and Emma Ní Chearúil both share their travel tips and the latest news from the entertainment world.
--------
29:44
Su Blas Pod
Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.